Love Leabhar Gaeilge
Cuireann Love Leabhar Gaeilge le Foras na Gaeilge leabhair Ghaeilge chun cinn ar fud na hÉireann. Aimsigh an scéal is ansa leat 📚
- Cén leabhar Gaeilge atá á léamh agat faoi láthair, nó céard atá ar do liosta léitheoireachta do 2026? Inis dúinn sna tráchtanna 💖📚 #LoveLeabharGaeilge #LeabhairGhaeilge #Gaeilge @forasnagaeilge.bsky.social @cloiarchonnacht.bsky.social @barzazie.bsky.social @leabharbreac.bsky.social
- Is breá linn leabhair Ghaeilge thar aon rud eile 💖📚 Má tá tú ag lorg inspioráide léitheoireachta, cláraigh dár nuachtlitir ag LoveLeabharGaeilge.ie Aimsigh an scéal is ansa leat! #LoveLeabharGaeilge #LeabhairGhaeilge #Gaeilge @forasnagaeilge.bsky.social
- Aimsigh an scéal is ansa leat ar shuíomh gréasáin loveleabhargaeilge.ie Coinnigh suas chun dáta leis an nuacht is déanaí faoi leabhair Ghaeilge 💖📚 Idir scéalta do dhaoine óga, d'aosaigh óga agus daoine fásta tá rud éigin ann do gach duine. #LoveLeabharGaeilge @forasnagaeilge.bsky.social
- Nollaig na mBan shona duit 🤶 Tá sé in am do scíth a ligean inniu agus suíochán a thógáil cois tine agus leabhar deas a léamh duit féin. 📚 #LoveLeabharGaeilge #LeabhairGhaeilge #Gaeilge #NollaignamBan @forasnagaeilge.bsky.social
- Nollaig Shona duit ó #LoveLeabharGaeilge 💕📚
- Má tá spéis agat i scéalta stairiúla, is fiú go mór 'Tír Bheag' a léamh! 📚 Is úrscéal do dhaoine fásta é seo a bhuaigh Gradam de Bhaldraithe ag Na Gradaim Foilsitheoireachta i 2025. Léigh an léirmheas ag LoveLeabharGaeilge.ie
- Labhair Úna Nic Cárthaigh ar Pé Scéal É an tseachtain seo caite ar roinnt leabhair Ghaeilge a bheadh iontach mar bhronntanas don Nollaig. Éist siar leis an gclár anois sula dtéann tú ag siopadóireacht. 🎄🎁 rte.ie/radio/rnag/clips/22… @forasnagaeilge.bsky.social
- Píosa álainn i Scéal na seachtaine seo san Irish Times ar roinnt moltaí leabhair Ghaeilge a chuir #LoveLeabharGaeilge le chéile a dhéanfadh bronntanas iontach don Nollaig. www.irishtimes.com/gaeilge/scea... Aimsigh an scéal is ansa leat an Nollaig seo! @forasnagaeilge.bsky.social @irishtimes.com
- Tráthnóna idir 3-5pm, beidh Úna ag Scríobh ag caint le Máire Treasa Ní Dhubhghaill ar an gclár Pé Scéal É, faoi leabhair Ghaeilge a bheadh iontach mar bhronntanais! 🎄📚 Le hinspioráid ón gclár, tá comórtas iontach againn daoibh. Faigh tuilleadh eolais ag cuntas Instagram Love Leabhar Gaeilge.
- Má tá tú sa tóir ar úrscéal cumhachtach samhlaíoch, seans gurb é 'Bódléar' atá uait. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin & Gradam An Post Irish Book Awards ar an leabhar seo i mbliana, a scríobh Darach Ó Scolaí. Léigh an léirmheas anois ag loveleabhargaeilge.ie 💗📚 @leabharbreac.bsky.social
- Comhghairdeas le buaiteoir Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana, Darach Ó Scolaí dá leabhar 'Bódléar' agus le na húdair uilig a bhain an ghearrliosta amach 👏 @leabharbreac.bsky.social @forasnagaeilge.bsky.social @irishbookawards.bsky.social 📸 Patrick Bolger
- Táimid ar bís é a fhógairt gurb é ‘Bódléar’ le Darach Ó Scolaí a bhuaigh Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana 2025 ag na @irishbookawards.bsky.social Comhghairdeas ó chroí 👏 #APIBA #LoveLeabharGaeilge @leabharbreac.bsky.social @forasnagaeilge.bsky.social
- Nach deas an t-am í an Nollaig don léitheoireacht?🎄📚 Aimsigh an scéal is ansa leat an Nollaig seo ag LoveLeabharGaeilge.ie @forasnagaeilge.bsky.social @leabharbreac.bsky.social @eabhloid.bsky.social @barzazie.bsky.social
- Fógrófar buaiteoirí na ngradam amárach! Féach ar na leabhair iontacha a ainmníodh ar an ngearrliosta do Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana 2025! Meas tú cé acu a bheidh an bua? 👀 #APIBA #LoveLeabharGaeilge @forasnagaeilge.bsky.social @irishbookawards.bsky.social
- Is ionnan an grá agus leabhair Ghaeilge mar bhronntanas. 🎁📚 Tá neart roghanna ar shuíomh gréasáin #LoveLeabharGaeilge idir mhistéir do dhaoine fásta agus rannta don aos óg. Aimsigh an scéal is ansa leat an Nollaig seo. ❤️️
- An bhfuil tú sa tóir ar noda léitheoireachta d'aosaigh óga um Nollaig? Pioc do rogha leabhar ón mbailiúchán seo 😍
- Beidh na déagóirí ar fad ag léamh um Nollaig fad is atá na leabhair iontacha seo ar fáil! Aimsigh an scéal is ansa leat ag LoveLeabharGaeilge.ie 📚🎄
- Tá scoth na leabhar ar fáil mar bhronntanais do pháistí óga i mbliana más ag ullmhú don Nollaig le Bran, ag taisteal le Daidí na Nollag, nó scéal gleoite eile a oireann don léitheoir. Cén leabhar a bpiocfá mar bhronntanas? 💭 @forasnagaeilge.bsky.social
- Idir phuisín beag glic agus sicín spraíúil, tá rud éigin ann do 'chuile léitheoir óg an Nollaig seo! Faigh tuilleadh inspioráide do bhronntanais ag LoveLeabharGaeilge.ie 🎅📚
- Tá an Nollaig ag teannadh linn agus má tá tú ag lorg inspioráide do bhronntanais iontacha, tá tú san áit cheart! Faigh noda léitheoireachta don Nollaig seo ó LoveLeabharGaeilge.ie 📚 🎄
- Is úrscéal mothúchánach do dhéagóirí é 'Éanna Corr' a bhuaigh Gradam Réics Carló i mbliana ag Na Gradaim Foilsitheoireachta. 📖 Léigh an léirmheas ag www.loveleabhargaeilge.ie/review/eanna... #LoveLeabharGaeilge #Léirmheas
- Is gearr uainn na @irishbookawards.bsky.social ✨ Ádh mór Sadbh Devlin & @futafata.bsky.social! m.independent.ie/regionals/wi...
- Comhghairdeas ó chroí le atá 40 bliain ar an bhfód i mbliana! 4️⃣0️⃣🎈 Léigh an scéal iomlán ar shuíomh gréasáin loveleabhargaeilge.ie/clo-iar-chonnacht-4…
- Ar mhaith leat na leabhair ó ghearrliosta leabhar ficsin Gaeilge na Bliana a bhuachaint? 📚 Téigh go cuntas Instagram Love Leabhar Gaeilge le tuilleadh eolais a fháil! #APIBA #LoveLeabharGaeilge
- Ní fada uainn ócáid mhór na An Post Irish Book Award nuair a bhaileoidh údair, craoltóirí, foilsitheoirí, maisitheoirí agus teaghlaigh le chéile do fhógairt na mbuaiteoirí an gheall seo: Léigh tuilleadh ag www.loveleabhargaeilge.ie/fogairt-ghea... @forasnagaeilge.bsky.social
- Bhí an-oíche in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin 22 Deireadh Fómhair ag na #APIBA! 📚 Tá lúcháir orainn a bheith ag déanamh urraíocht arís i mbliana ar 'Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana'. Vótáil 👉 irishbookawards.ie/vote/
- 📣 Vótáil anois Tá gearrliostaí @AnPostIBAS 2025 fógartha! 🎉 Comhghairdeas leis na scríbhneoirí agus foilsitheoirí uile Is féidir vótáil ar son do rogha féin ag irishbookawards.ie/vote/ #APIBA #LoveLeabharGaeilge
- Seo chugaibh gearrliosta Ghradam Love Leabhar Gaeilge 2025 do Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana 💚 @forasnagaeilge.bsky.social @irishbookawards.bsky.social
- Is ambasadóir do Sheachtain na Leabhar Éireannach í Máire Zepf! 🙌 Táimid ar bís go mbeidh an scríbhneoir iontach seo linn go luath chun na leabhair Ghaeilge is fearr léi a thaispeáint dúinn. 🔊 Bí linn ar na meáin shóisialta ó 18 - 25 Deireadh Fómhair. #SeachtainNaLeabharÉireannach #IrishBookWeek
- Ní fada uainn anois Seachtain na Leabhar Éireannach! 📚☘️ Bí linn ó 18 - 25 Deireadh Fómhair le moltaí léitheoireachta a fháil ‘chuile lá! @forasnagaeilge.bsky.social #LoveLeabharGaeilge #SeachtainNaLeabharÉireannach #IrishBookWeek
- A chara, tá comórtas iontach á reáchtáil againn ar chuntas Instagram Love Leabhar Gaeilge. Téigh chuig an próifíl chun tuilleadh eolais a fháil 🤩 @forasnagaeilge.bsky.social @oirnagaeilge.bsky.social #Comórtas #LoveLeabharGaeilge #GradaimFoilsitheoireachta
- Tá ríméad orainn go bhfuil "Rita agus an tEachtrán" ar liosta na dteideal do Lá Domhanda na Leabhar! 📚 Beidh deis ag páistí ar fud na hÉireann an leabhar álainn seo a fháil saor in aisce le dearbhán leabhar £1/€1.50 ón 12 Feabhra 2026. @forasnagaeilge.bsky.social #LáDomhandanaLeabhar
- Is breá linn é seo a chloisteáil! 📚😊
- Iontach ar fad 👏
- @childrensbooksireland.ie tá muid bródúil tacaíocht a thabhairt don pacásite acmhainní seo 💖📚
- ☘️ Leis an léitheoireacht ar mhaithe le gliondar a chothú, tá pacáiste acmhainní curtha le chéile againn le cabhrú le múinteoirí bunscoile! Is féidir inspioráid don léitheoireacht a íoslódáil anseo! childrensbooksireland.ie/resources-id... 🧵1/3
- Bhain 10 Teach Foilsitheoireachta éagsúil gearrliostaí na bliana amach 👏 tuairisc.ie/19-leabhar-a... @forasnagaeilge.bsky.social @barzazie.bsky.social @eabhloid.bsky.social @futafata.bsky.social @leabharbreac.bsky.social
- Comhghairdeas leis na tithe foilsitheoireachta, na scríbhneoirí & na maisitheoirí ar fad ar ghearrliostaí na bliana seo! 🎉 👉 www.rte.ie/gaeilge/2025... @forasnagaeilge.bsky.social @barzazie.bsky.social @eabhloid.bsky.social @futafata.bsky.social @leabharbreac.bsky.social
- Bhí oíche iontach againn ag Sárthaispeántas Áis agus muid ag déanamh ceiliúradh ar bhróisiúr an Fhómhair! 🍂📚 Má tá tú i mbun foilsitheoireachta nó ag iarraidh leabhair Ghaeilge a chur ar fáil i do shiopa, faigh tacaíocht ó Áis ag forasnagaeilge.ie/ais @forasnagaeilge.bsky.social
- Reposted by Love Leabhar GaeilgeTá ríméad orainn go léir ag Cló Ollscoile Chorcaí go bhfuil Glór ón Sceilg ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin ag Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais. Tréaslaími le heagarthóirí an leabhair, Mary Shine Thompson agus Máirín Nic Eoin. @forasnagaeilge.bsky.social @loveleabhargaeilge.bsky.social