Guys, nach féidir linn neamhaird a thabhairt ar Gregory Campbell? Céard is fiú a bheith ag trácht ar an bhaothchaint sin uaidh inné? Bogaimis ar aghaidh
Aontaím leat, tríd is tríd, ach léirigh Gregory meon na nAontachtaithe go paiteanta - gur leosan an stát agus go bhfuil saol Náisiúnaithe ag brath ar a gcead nó a neamhchead. Is breá liom focail mar 'athmhuintearas' agus 'comhurraim' ach caithfear cinseal na nAontachtaithe a chur san áireamh.
B’fhéidir gur léirigh ach sílim go gcuirtear leis an chinseal céanna nuair a thugtar aird ar a leithéid de chaint fholamh gan téis. Is cinnte gur cheart éisteacht le daoine ar achan taobh ar mhaithe leis an athmhuintearas ach ní raibh ann inné ach stolladh chun aird a tharraingt, dar liom féin.
Is deacair meon na nAontachtaithe a léiriú do dhaoine ó dheas. Deir siad, ‘Tá an dá dhream chomh holc lena chéile’ srl. Seo Gregory ag insint do Náisiúnaithe cad iad na focail agus na háiteanna atá ceadaithe dóibh. Ceacht foirfe a bhí ann. (Ceacht nach bhfuil ag teastáil uaitse, dar ndóigh! 🙂)
Feb 6, 2026 11:03