CumannMerriman.bsky.social
Scoil Gheimhridh bhliantúil. Plé ar gach gné de shaol na hÉireann. Annual winter school. Discussions on all aspects of Irish life.
- An deireadh seachtaine beagnach tagtha chun deiridh anois a chairde, agus tá Muiris Ó Raghallaigh linn arís chun clabhsúr a chur leis an scoil leis an gcaint Léargas Físiúil ar Ghnéithe de Shaothair An Ghúim.
- Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis agus leis na cainteoirí, na baill choiste agus chumainn agus an lucht féachana ar fad a chuir go mór leis an deireadh seachtaine. #scoilmerriman2026 #gaeilge #angúm@100
- Seosamh Ó Murchú in éineacht le Máire Ní Neachtain ag tabhairt sciuirde trí na saothair a d'fhoilsigh an Gúm ó na luathbhlianta ar aghaidh. #scoilmerriman2026 #gaeilge
- Caint ghrinn éirimiúil thaitneamhach tugtha ag Pádraig Ó Mianáin in Ó leathanaigh chlóite go leathanach baile: Éabhlóid na foclóireachta i ré an Ghúim. Léargas iontach ar éabhlóid cheird na foclóireachta Gaeilge ó 1926 go dtí an lá atá inn ann. #scoilmerriman2026 #gaeilge
- Ár gcomhleacaí, Brian Ó Dálaigh, cisteoir Chumann Merriman, ag tabhairt cainte ar scríbhneoirí Gaeilge an Chláir i Leabharlann Phoiblí De Valera. Caint iontach cuimsitheach agus suimiúil. Eagraíodh an t-imeacht seo i bpáirt le Leabharlann Chontae an Chláir.
- Léargas iontach suimiúil ansin a Antain, agus léiriú iontach ar thábhacht an aistriúcháin do litríocht na Gaeilge le linn luathbhlianta An Ghúim. Leis an gcaint sin, tá Siompóisiam an Ollaimh Tom Redshaw ag teacht chun deireadh.
- Go raibh maith agaibh agus ag gach cainteoir as a bheith inár láthair. Ná dearmadaigí go mbeidh turas ar Leabharlann na hInse ag a 2 i.n. ina mbeidh Caint agus Taispeántas ar Údair ó Chontae an Chláir #siompóisiamtomredshaw #scoilmerriman2026 #gaeilge
- Go raibh maith agat as ucht do chainte breá eolasaí ansin a Bhreandáin. Anois, beimid ag éisteacht le hAntain Mag Shamhráin agus ag labhairt mar gheall ar Gnéithe d’aistriúchán an Ghúim sna blianta tosaigh #siompóisiamtomredshaw #scoilmerriman2026 #gaeilge
- Caint bhreá lán léargais ansin, a Chaoimhe. An chéad chainteoir eile atá linn ná Breandán Ó hUallacháin a bheas ag tarraingt ar ábhar ón gCartlann an Ghúim freisin ina chaint: Comhfhreagras an Ghúim i gcomhaid oideachais sa Chartlann Náisiúnta #scoilmerriman2026 #gaeilge
- A chairde, tá súil agam go bhfuil cúrsaí go maith libh is gur bhain sibh taitneamh as imeachtaí na hoíche aréir. Beimid ag tosú leis an siompóisiam ar maidin. I dtosach, beidh Caoimhe Nic Lochlainn ag tabhairt cainte ar Mná an Ghúim: Scéalta Ceilte sa Chartlann
- Gearóidín Uí Laighléis agus Muiris Ó Raghallaigh i mbun allagair anois lenár gcomhghleacaí Síle Ní Choincheannain ar Luathbhlianta An Ghúim #scoilmerriman2026 #gaeilge
- Domhnall Ó Loingsigh, rúnaí An Clár as Gaeilge agus láithreoir raidió ar Clare FM, atá ag oscailt na Scoile anocht. Tá an-tacaíocht tugtha ag An Clár as Gaeilge, agus ag Domhnall go háirithe, do Scoil Merriman 2026.
- Meabhrú beag go mbeidh Scoil Gheimhridh Merriman 2026 ar siúl an deireadh seachtaine seo, ón 23-25 Eanáir. Tá an clár ar fáíl anseo www.merriman.ie/ga/geimhread... Is féidir ticéad a cheannach ar eventbrite nó ag an deasc. www.eventbrite.ie/e/scoil-ghei...
- A Chairde, Tá Clár Scoil Gheimhridh Merriman 2026, An Gúm @ 100: Fís, Friotal agus Foilsitheoireacht na Gaeilge, ar fáil anois. Mar a fheicfidh sibh, tá sé lán go barra le cainteanna léannta, tathagacha a bhfuil ábhar suime do gach duine iontu.
- Beidh an Scoil ar siúl in Óstán an Old Ground, Inis, Co. an Chláir ón 23-25 Eanáir. Tá tuilleadh eolais faoi lóistín agus táillí ar shuíomh idirlín na scoile: www.merriman.ie/ga/geimhread...
- Ná dearmadaigí gur féidir ticéid deireadh seachtaine a cheannach ar eventbrite: www.eventbrite.ie/e/1980073539... Is féidir ticéid deireadh seachtaine agus d'imeachtaí aonair a fháil ag an deasc freisin.
- A Chairde, tá an leathanach Eventbrite ar oscailt anois do thicéid deireadh seachtaine Scoil Merriman 2026 - An Gúm @ 100: Fís, Friotal agus Foilsitheoireacht na Gaeilge. www.eventbrite.ie/e/1980073539...
- Gheobhaidh tú gach eolas i dtaobh na scoile ar an leathanach eventbrite seo. Ar ndóigh, is féidir ticéid deireadh seachtaine a cheannach ag an deasc freisin, chomh maith le ticéid d'imeachtaí aonair na scoile.
- Tá áthas orainn a fhógairt go mbeimid ag filleadh ar Óstán an Old Ground in Inis do Scoil Gheimhridh Merriman 2026, An Gúm @ Céad: Fís, Friotal agus Foilsitheoireacht na Gaeilge". An 23-26 Eanáir 2026 is ea dátaí na Scoile agus tá eolas faoi na socruithe ar an suíomh. www.merriman.ie/ga/
- Ar eagla go dtitfeadh imeacht na Scoile 2025 i ndíchuimhne, tá grianghraif Scoil Merriman 2025 crochta ar ár suíomh lín anois. Beifear in ann teacht orthu ach an nasc seo a bhrú: www.merriman.ie/ga/cartlann/...
- Físeán álainn anseo a rinne Molscéal ar Scoil Gheimhridh 2025 fb.watch/xJxESr5nzF/ Go raibh míle maith agaibh @molsceal.bsky.social
- Agus anois tá Scoil Gheimhridh Merriman 2025 tagtha chun deiridh. Ba mhaith le gach ball den choiste ár mbuíochas a chur in iúl do gach duine a bhí i láthair, idir bhaill, aíonna agus rannpháirtithe agus don Old Ground Hotel as ionad fíorálainn a chur ar fáil dúinn.
- Táimid fíorbhuíoch de bhur gcuid tacaíochta uilig agus tá súil againn go bhfeicfimid sibh ar fad i Scoil Gheimhridh Merriman 2026. Go mbeirimid beo ar an am seo arís! @ClarasGaeilge @ForasnaGaeilge @DCU @FiontarGaeilge @GaeilgeChorcaB1 @CreativeIreland
- Ní héigse go hÉigse an Chláir agus chun teist ar an méid sin a thabhairt dúinn tá Edel Vaughan, Emer O'Flaherty agus Therese MacInerny linn chun Dúchas agus Dóchas: Amhráin Ghaeilge ó Chontae an Chláir a chur inár láthair. Arna léiriú ag Diarmuid de Faoite.
- Mar chlabhsúr le Fonn, Féile agus Filíocht tá Róisín Nic Dhonncha, Eamonn Ó Donnchadha, Fearghas Ó Lochlainn agus Bríd Ní Ghormáin ag seinm Miste Covered Mountain agus Aillte an Mhothair. Beimid ag cur tús le Club Merriman go luath!
- Fearghas Mac Lochlainn i mbun amhrán grá do ... Airlín.
- Éamon Ó Donnchadha i mbun agallamh beirte le Fearghas Mac Lochlainn.
- Bríd Ní Ghormáin as Lios Ceannúir ar an bhfeadóg mhór.
- Níl an scléip ach ina tús anseo!
- Tá sé in am do sheisiún oíche Shathairn. Tá Fearghas Ó Lochlainn, Éamon Ó Donnchadha agus Bríd Ní Ghormáin in éinneacht linn do le haghaidh Fonn Féile agus Filíochta - atá chun togha an cheoil agus na n-amhrán a chur ar fáil dúinn chomh maith le léargas ar chumadóireacht
- agus ar sheachadadh ealaíona béil na Gaeilge sa ré chomhaimseartha.
- Tosóidh Siompóisiam an Ollaimh Thomas Redshaw ag 5.15in ina bpléifidh Liam Ó Dochartaigh Scoileanna Éigse agus Seanchais na Gaillimhe. Ar ndóigh, tá dlúthbhaint ag Liam leis an Scoil le cianta caibreacha. Ina dhiaidh sin, labhróidh Concubhar Ó Liatháin mar gheall ar Dhámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn.
- Tosóidh Siompóisiam an Ollaimh Thomas Redshaw ag 5.15in. Pléifidh Liam Ó Dochartaigh Scoileanna Éigse agus Seanchais na Gaillimhe. Ar ndóigh, baint ag Liam leis an Scoil le cianta caibreacha. Tar éis sin, labhróidh Concubar Ó Liatháin mar gheall ar Dhámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn
- Go raibh maith agaibh gach duine a bhí in éineacht linn nuair a d'oscail Diarmuid de Faoite an Scoil i Leabharlann Chontae an Chláir. Anois, tá Eoghan Mac Giolla Bhríde i mbun allagair le Máire Ní Neachtain i dtaca leis An éigse: mar a bhí, mar atá, mar a bheidh?
- Tá áthas orainn a rá libh go bhfuil Scoil Gheimhridh Merriman 2025 ag dul ar aghaidh. Beidh imeachtaí ag tosú ag am lóin Dé Sathairn 25 Eanáir agus ag leanúint ar aghaidh go dtí am lóin Dé Domhnaigh 26 Eanáir. Féach an clár leasaithe anseo: www.merriman.ie/ga/geimhread...
- A chairde, Tá PDF álainn de chlár na scoile ar fáil anois ar www.merriman.ie/ga/wp-conten... Ná dearmadaigí go mbeidh an scoil ar siúl ó 24 - 28 Eanáir is gur féidir ticéid a cheannach roimh ré ar: www.eventbrite.ie/e/1137860103... @forasnagaeilge.bsky.social @fsg-dcu.bsky.social
- A Chairde, Gheobhaidh sibh clár do Scoil Merriman 2025 '"A chomharsain éistigí’ – ardáin don éigse inné agus inniu', a bheidh ar siúl in Óstán an Old Ground in Inis idir an 24 agus 26 Eanáir 2025, ar shuíomh idirlín na Scoile anseo: www.merriman.ie/ga/geimhread...
- I measc na n-aíonna, beidh Diarmuid de Faoite, Tríona Ní Shíocháin, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Vincent Morley, Concubhar Ó Liatháin, Liam Ó Dochartaigh, Fearghas Mac Lochlainn, Éamon Ó Donnchadha, Bríd Ní Ghormáin, Emer O’Flaherty, Therese McInerney agus Edel Vaughan, ag glacadh páirte.
- Ná dearmadaigí gur féidir ticéid deireadh seachtaine a chur in áirithint ar www.eventbrite.ie/e/scoil-ghei... Ar ndóigh beidh sibh in ann ticéid a cheannach ag an deasc ag an scoil freisin. Feicfimid ann sibh!
- A Chairde, Tá leathanach eventbrite ar oscailt anois chun teacht ar thicéid deireadh seachtaine do Scoil Gheimhridh Merriman 2025. Tá an Scoil ar Siúl in Ostán an Old Ground, Inis, Co. an Chláir ó 24 go dtí an 26 Eanáir. #merriman #comhar #scoilgheimhridh2025
- Is é téama na scoile: ‘A chomharsain éistigí’ – ardáin don éigse inné agus inniu Tá €70 euro ar thicéad deireadh seachtaine, agus leis sin, beifear in ann freastal ar gach imeacht de chuid na scoile. Tá súil againn sibh ar fad a fheiceáil ann.
- Dea-scéal againn a chairde. Beidh an Scoil Gheimhridh ar siúl ó 24-26 Eanáir 2025 in Óstán an Old Ground, Inis, Contae an Chláir. ‘A chomharsain éistigí’ - ardáin don éigse inné agus inniu a bheidh mar théama againn i mbliana. Feicfimid ansin sibh! Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach: